Milseog mhilis


Freagra

語言仲裁協會國際會議

coim_conference_2016

語言仲裁協會國際會議

早前,本人在此網誌解釋愛爾蘭語仲裁協會的任務,即確保所有的政府機關及其出版刊物都有保障民眾的愛爾蘭語使用權。

除了愛爾蘭之外,其他國家或地區例如威爾士,科索沃,加拿大,西班牙加泰羅尼亞,南非洲也有類似愛爾蘭語仲裁協會的仲裁機構。欲知更多,可以瀏覽語言仲裁國際協會的網站

今年在愛爾蘭戈爾韋舉辦的語言仲裁協會國際會議(Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga /International Association of Language Commisioners’ Conference)剛剛完成。該會議有來自不同國家的語言仲裁協會主席和其他語言專家參加,由三月七日至三月九日已舉行。

瀏覽語言仲裁協會國際會議時間表


1 Fhreagra amháin

愛爾蘭語仲裁協會是甚麼?

teangacover

愛爾蘭語仲裁協會是甚麼?

愛爾蘭語仲裁協會是跟據《官方語言法例》成立。

愛爾蘭語仲裁協會(An Coimisinéir Teanga)算是一個仲裁機構。成立這個仲裁機構的緣由是來自架拿大語言獲得合法性使用過程的經驗。 它的工作就是在確保所有的政府機關及其出版刊物都有保障民眾的愛爾蘭語使用權。

愛爾蘭語仲裁協會需要保障任何要用愛爾蘭語跟政府單位打交道的人不論是攸關健康醫療的政府單位教育體系還是社會福利單位都包括史內。

現任的愛爾蘭語仲裁協會主席是Rónán Ó Domhnaill,而他的前任Seán Ó Cuirreáin受訪時曾表示:

「我們的任務就是為民眾解決問題。當然有問題可以上法院但那會花不少錢。我們則是免費提供公平獨立的解決方案,所以我們是在解決問題而且大多不是個人性的問題而是一些普遍性的議題或許從個案出發但就是避免再有人受到類似果擾。」

An Coimisinéir Teanga的官方推特帳戶:

維基:https://en.wikipedia.org/wiki/An_Coimisin%C3%A9ir_Teanga


Freagra

Sanasaíocht na gcarachtar Sínise: 皿 Míhng

皿

皿 Míhng – Gabhdán/Coimeadán

 

Picteagram is ea an carachtar 皿Míhng.  Gabhdán bia nó gnáth ghabhdán tí atá i gceist leis.  Má fhéacann muid ar an bpictiúr seo thíos, is féidir linn éabhlóid an charactair a fheiceáil, ón gcéad leagan go dtí an leagan atá in úsáid inniu:

皿2

Sa bhfoclóir cáiliúil 說文解字 (syut màhn gáai jih) , tugadh an sainmhíniú seo a leanas ar an gcarachtar thuasluaite:

皿:飯食之用器也。

皿 – Míhng :  Gabhdán bia.

 

Úsáidtear an carachtar seo i gcarachtair eile (mar chomhpháirt), agus déanfar tuilleadh plé orthu siúd amach anseo.


Freagra

Confúicias agus an chailís

觚

子曰:「觚不觚,觚哉!觚哉!」

Jí yeuhk: “Gū Bāt Gū, Gū Jōi!Gū Jōi!”

 

Aistriúchán:

Deir Confúicias: “Muna bhfuil cosúlacht na cailíse ar an gcailís, conas is féidir cailís a thabhairt uirthi?”

Nótaí mínithe:

Cineál cailíse is ea an 觚 (Gū) (á taispeáint sa phictiúr thuas) a bhfuil béal cosúil le trumpa uirthi.  D’óltaí deochanna meisciúla aisti.

Tá cúpla teoraic ann maidir le míniú na habairte thuasluaite.  Deir ceann amháin acu go raibh Confúicias ag cuir a chuid díomá in iúil maidir leis na hathraithe a bhí ag teacht ar dheasghnátha agus córas dlí na linne sin, athraithe nár aontaigh sé féin leo.   Níor thaithin sé leis go raibh athrú ag teacht ar chruth chailísí na linne sin, toisc nach rabhtar á dtógáil de réir na stíle claisicí céanna a dtógtaí iad go traidisiúnta.  Is cosúil gur úsáid sé sampla na cailíse chun a chuid tuairimí i dtaobh na n-athraithe go léir a bhí ag teacht ar chúrsaí a nochtadh.

De réir teoraic eile, bhí Confúicias mí-shasta nach raibh daoine ag ól deochanna meisciúla as an gcáilís úd, ach gur as cáilís eile a bhí níos mó ná an 觚 (Gū).  Dár leis, sháraigh sé sin nósanna traidisiúnta an bhéasa a bhíodh i bhfeidhm roimhe sin, agus seans gur shíl sé gur droch-chomhartha a bhí ann dá mba rud é go raibh níos mó alcóil á ól. B’fhéidir go raibh sé ag smaoineamh ar rud éigean mar seo “Má tá neamhaird á tabhairt ar na deasghnátha ar an mbealach seo (ól iomarcach), cá stopfar?”


Freagraí: 2

Sanasaíocht na gcarachtar Sínise: 名 mìhng (Ainm)

Ainm 名

名 mìhng (Ainm)

Tá an carachtar 名 (mìhng) déanta de dhá charactar dhifriúla ar picteagram iad an dá cheann acu.  Ar barr, feictear 夕 (jihk-oíche).  Is pictiúr de leath gealaí é seo (feictear an ghealach i rith na hoíche, dá bhrí sin úsáidtear é seo chun an bhrí “oíche” a léiriú).  Ar bhun an charachtair 名, feicimid 口 (háu).  Ní bosca é seo, ach picteagram eile, pictiúr den bhéal.

moon (240x221)口 béal

Carachtar amháin móide carachtar eile = carachtar iomlán nua

Cuirtear an dá charachtar seo le chéile chun carachtar nua a chruthú, agus comhcheanglaítear brí an dá charachtair seo chun míniú nua a thaispeáint.  Tugtar “idéagram comhtháite” nó 會意 (wuih yi) ar an gcineál seo carachtair.

Sa dorchadas, glaoigh amach d’ainm os ard le go n-aithneofaí tú

San oíche (夕 jihk), ní féidir duine atá amuigh ag siúl agus iad i bhfad uait a aithint agus ní féidir leis an duine sin tú féin a aithint ach oiread, toisc an dorchadais.  Dá bhrí sin, caithfear an béal (口 háu) a úsáid chun ainm an duine atá i bhfad ar shiúl uait (nó d’ainm féin) a glaoch amach os árd le go n-aithneofaí thú agus le go n-aithneoidh tú an té atá thíos an bóthar uait.  Agus sin conas a scríobhtar “ainm” as Sínis.


Freagraí: 2

Turas chun na sléibhte ar thóir míniú carachtar Sínise

IMG_20150522_151441

 

Faic sna foclóirí

Cúpla seachtain ó shin, tháinig mé ar an gcarachtar 乪.  Ní raibh sé feicthe agam roimhe sin, agus chuardaigh mé sa bhfoclóir ar mo ghuthán cliste é.  Faic.  Rinne mé iarracht teacht ar a mhíniú i m’fhoclóirí clóite (5 chinn acu) agus ní raibh tada le fáil.  Faoi dheireadh, d’aimsigh mé toradh ar an suíomh Ctext (bunachar digiteach litríochta agus foclóirí sean-Sínise):

乪 Kehk (Kek6) – 水之曲折為乪 – Aistrithe go Gaeilge:  “乪 (Kehk) a thugtar ar chaismirneach an tsrutháin”

Bhí sé le fáil ar shuíomh idirlín de chuid instiúid oideachais Hong Cong agus tugtar le fios go bhfuil an carachtar seo in úsáid sa Chantanais ach nach bhfuil sé coiteann (nó in úsáid ar chor ar bith) sa Mhaindirínis.

Rinne mé cuardach Google, agus tháinig sé chun solais go bhfuil an carachtar seo in úsáid mar chuid de logainm anseo i Hong Cong.  寨乪村 (Jaaih Kehk Chyūn) is ainm don bhaile seo (Chai Kek an leagan traslitrithe Béarla), agus bheartaigh mé dul ar cuairt chun na háite seo.  Bhí mé den tuairim go raibh an sráidbhaile seo suite ar abhainn agus gurb shin é an fáth go raibh an carachtar 乪 in úsáid.

IMG_20150522_142509IMG_20150522_142454

An ceann scríbe sroichte

Chuaigh mé ar turas fada bus suas chuig na sléibhte i dtreo Chai Kek (寨乪村).  Ar an drochuair, bhí sé ag stealladh báistí an lá sin (agus mise gan scáth fearthainne).  Faoi dheireadh thiar thall, shroich mé an sráidbhaile iarghúlta.

IMG_20150522_150401 IMG_20150522_142338

Radharcanna áille

Tar éis dom leath uair a’chloig a chaitheamh ag siúl timpeall na háite (agus mé fós gan teacht ar an abhainn), thóg mé mo ghuthán amach as mo phóca agus le cabhair ó Google maps, tháinig mé ar an abhainn ghleoite.  Dochreidte.  Radharc álainn, síochánta i bhfad ón gcathair agus ciúnas suaimhneach sochar thart timpeall orm.  Ní raibh skyscraper ar bith le feiceáil.

IMG_20150522_150510 IMG_20150522_144102

Teoiric maidir le sanasaíocht an charactair 乪

Tá teoiric agam maidir le míniú an charactair seo.  Sílim gur picteagram atá ann.  Tá dhá pháirt sa charactar 乪: 乙 agus 田(Tìhn, páirc).  Ní húsáidtear 乙 le haghaidh a mhínithe, ach chun an abhainn agus a caismirneach a léiriú, is í ag casadh timpeall na páirce (田).Bhí an teoiric sin agam sula ndeachaigh mé chuig an mbaile, ach tar éis dom breathnú ar an áit inar sheas mé ar google maps, bhí mé cinnte de go raibh bunús le mo theoiric (cé nach féidir liom a bheith lán-chinnte gurb é sin sanasaíocht cheart an charactair seo).

abhainn - 複製

Sheas mé ag “X” – caismirneach na habhann

乪

Seo é an teoiric atá agam faoi mhíniú an charactair 乪

Is breá liom carachtair Shínise, agus táim den tuairim gur ghá iad a fhoghlaim go praicticiúl in ionad suí síos is iad a chuir de ghlan mheabhair díreach ón leabhair.  Tá sé i bhfad níos éascaí cuimhniú ar mhíniú carachtair má tá tú tar éis é a léamh ón mbiachlár agus an béile sin a bhlasadh is a ithe.  Mar an gcéanna le 乪.  Deacair dom dearúd a dhéanamh ar an dturas álainn sin agus an abhainn ghleoite nadúrtha, chomh maith leis an radharc álainn a bhí os mo chomhair amach is mé ag suí ar bhruach na habhann áille.  Muna raibh mé chomh fiosrach sin faoi mhíniú an charachtair seo, ní bheinn tar éis an áit ghleoite seo a aimsiú agus lá deas a caitheamh ann.

Nóta:  Seans gur ón Hakka a thagann an carachtar seo, agus ní ón gCantanais.

Tuilleadh pictiúirí:

IMG_20150522_142813 IMG_20150522_143037 IMG_20150522_142916 IMG_20150522_144139 IMG_20150522_144125 IMG_20150522_150510 IMG_20150522_144125 IMG_20150522_150525 IMG_20150522_144132 IMG_20150522_150738

 

 

 

 


1 Fhreagra amháin

寨乪村和乪字的圖解

IMG_20150522_151441IMG_20150522_143037

寨乪村

根據《清稗類鈔·方言類》 「乪」的意思是:「水之曲折為乪,音囊。」
囊的粵語讀音為Nong4,但位於香港的寨乪村英文譯名是Chai Kek,而且香港教育學院的網站指這個字的粵語讀音為Kek6(劇)。乪可能是客語用字, 而其客家話讀音或許是 Kiak6。

「乪」出自許永慶老師於大概1880年所作的《九約竹枝詞》(可參考《香港原居民客語》,page 89。

乪字的圖解

我本人認為「乪」是由兩部份構成:乙指一條彎曲的河,田指用來耕種的土地。 水之曲折為乪,所以「乪」這個字可圖解為一條彎曲的河環繞着一個田地。

乪 - 中文

看一下以下的地圖(Google maps),原來在寨乪村真有一條河,還是彎曲地環繞着一個田地呢!

水之曲折

箭嘴指示水之曲折

 

本人曾到寨乪村去過,親眼看到那條彎曲的河
環繞着一個田地,不由得認為「乪」字是如此構成的!

dhá phictiúr

以上兩張相片攝影地點:寨乪村,在條河的折彎點

 

當然不可以確實我的說法是否正確的,「乪」字的來原可能有其他正確的解釋。

IMG_20150522_142509IMG_20150522_144132

 

Nóta:  Foilseofar leagan Gaeilge den alt seo go gairid.  按:這篇文章的愛爾蘭文版不久將會發表。

 

 


Freagra

Confúicias, na huaisle is na hísle, deasghnátha agus ceol

 

先進於禮樂 - 複製

Confúicias agus tábhacht na ndeasghnáth

子曰:「先進於禮樂,野人也;後進於禮樂,君子也。如用之,則吾從先進。」

Jí yeuhk: “Sīn jeun yū láih ngohk, yéh yàhn yáh;hauh jeun yū láih ngohk, gwān jí yáh. Yùh yuhng jī, jāk n`gh chùhng sīn jeun.”

 Aistriúchán:

Deir Confúicias: “Foghlamaíonn an duine de shliocht anuasal conas na deasghnátha a chomhlíonadh sula gceaptar é ina oifigeach rialtais. Ach an duine de shliocht uasal, faigheann sé teideal uasail mar oidhreacht, agus ceaptar é ina oifigeach rialtais de thairbhe seo. De ghnáth, ní thosaíonn sé ag foghlaim conas na deasghnátha a chomhlíonadh go dtí tar éis a cheapacháin. Dá mbeadh orm rogha a bhaint astu agus duine a mholadh do phost, roghnóinn an duine a d’fhoghlaim conas na deasghnátha a chomhlíonadh sular ceapadh é.”

Nótaí mínithe:

禮樂 láih ngohk (deasghnátha agus ceol de réir bhunbhrí an téarma)

Córas deasghnátha ar leith a bhí i bhfeidhm sa tSín tráth. Bhí dhá chuid ag baint leis an gcóras seo: láih ( – dea-bhéas is deashghnáth) agus ngohk ( – ceol). Dhéantaí daoine a roinnt ina ngrúpaí éagsúla bunaithe ar a stadás (beagáinín cosúil leis an gcóras feodach) agus mhúintí custaim is deasghnátha na sochaí dóibh (láih (禮).  Bhaintí úsáid as ceol chun aighneas agus fadhbanna na sochaí a réiteach ( –  ceol).

野人 yéh yàhn: comóntach, duine den chosmhuintir, duine íseal.

君子 gwān jí: Duine uasal. Labhair mé faoi seo cheana – go hiondúil, séard a bhíodh i gceist leis an dtéarma seo ná duine maith agus dea-mhéineach. Ach san alt seo, duine den aicme uasal atá i gceist (beag beann ar a chuid tréithe pearsanta) – a mhalairt ar dhuine íseal.

Comóntach nó duine uasal

Ba ríthábhachtach le Confúicias iad na deasghnátha agus an córas láih ngohk.  San aimsir sin, b’éigean don chomóntach dianstaidéar a dhéanamh ar na deasghnátha agus conas iad a chomhlíonadh sula mbeadh seans aige post maith mar oifigeach rialtais a fháil.  Ach ní bheadh dianstaidéar de dhíth ar dhuine de shliocht uasal le go gceapfaí ina oifigeach é.

Gheobhadh sé an post gan choinníoll.  Tar éis a cheapacháin, is dócha go mbeadh staidéar agus eolas éigin faoi na deasghnátha de dhíth air, ach an mbeadh an leibhéal céanna suime agus eolais ar chúrsaí láih ngohk ag an duine de shliocht uasal a fuair an post de thairbhe a oidhreachta is a bheadh ag an gcomóntach arbh éigean dó na rudaí seo a fhoghlaim sula mbeadh sé cáillithe don phost seo?

Is dócha go raibh Confúicias cinnte de go mbeadh tuiscint níos doimhne ar na deasghnátha ag an té arb éigean dó dul i mbun staidéir chun a chuid cáillíochtaí a bhaint amach, agus go ndéanfadh sé fostaí níos fearr.

Nóta faoin aistriúchán

Sa bhuntéacs, deirtear “Foghlamaíonn an duine íseal láih ngohk sula gceaptar é ina oifigeach rialtais”.  Ach ar mhaithe le soléireacht, chinn mé sainmhíniú a thabhairt ar céard go díreach a bhí i gceist le láih ngohk in ionad an téarma Sínise a chuir san aistriúcháin.


Freagra

宿醉怎能治療好?愛爾蘭語有俗語教你!

愛爾蘭人喜歡甚麼?

愛爾蘭人很喜歡喝酒,尤其是威士忌和健力士啤酒。到酒吧去是我們文化的重要部份。但是,這麼喜歡喝酒當然會產生不少問題,其中之一就是宿醉。宿醉怎能治療好是使人頭痛的事。

俗語說

愛爾蘭語有俗語(seanfhocal)說:”Is é leigheas na póite ól arís”意思大概是”宿醉的治療法就是再喝酒”。這個治療法有效嗎?這個答案見仁見智。

Póit (名詞)= 宿醉 na póite = Póit 的屬格(tuiseal ginideach),即「宿醉的」

Teenagers drinking alcohol


1 Fhreagra amháin

Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir as Hong Cong

nathair

 

Nathracha nimhe san Áis

Bhuel, b’fhéidir gur éirigh le Naomh Pádraig bata agus bóthar a thabhairt do nathracha nimhe na hÉireann, ach is cosúil nár éirigh leis dul chomh fada soir le Hong Cong, agus tá an fhianaise le feiceáil sa phictiúr seo díomsa agus nathair nimhe i mo lámh agam!

Agallamh raidió – Beo ar an aer

An Satharn seo chaite, chuaigh mé beo ar an aer as Hong Cong chun cur síos a dhéanamh ar chonas mar a bheifear ag ceiliúradh na Féile Pádraig i Hong Cong.  Is féidir éisteacht leis an agallamh anseo:

本人於上個星期六上了愛爾蘭語區電台(Raidió na Gaeltachta)做直播訪問,講術在香港住的愛爾蘭人怎樣慶祝聖巴德利爵紀念日。可以聽那個訪問: