Milseog mhilis


Freagra >

 

54654

Is áit shuimiúil í Macau (nó Ou3Mun2,澳門 sa dteanga áitiúil) atá lonnaithe i ndeisceart na Síne, tuairim is 60km siar ó Hong Kong.  Iar-choilíneacht de chuid na Portaingéile is ea an réigiún seo.  Bhí sé faoi smacht na Portaingéile ó lár an séú haois déag go dtí an bhliain 1999, nuair a fuair na Sínigh smacht ar arís.  Bunaíodh Sainréigiún Riaracháin Macao, Daonphoblacht na Síne ar an 20ú Nollag, 1999 nuair a tháinig deireadh le riail na  Portaingéile tar éis bhreis is 400 bliain.

Inniu, tá tionchar láidir na bPortaingéalach fós le feiceáil anseo ins na foirgnimh Eorpacha agus an bia áitiúil.  Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis agus tá sí le feiceáil ar na comharthaí bóithre, chomh maith le Sínis.  Ach Cantainis a labharaíonn fórmhór des na daoine áitiúla, cé go bhfuil mionlach beag ann fós a labharaíonn Poirtingéilis.  D’fhéadfá a rá gur meascán  ildaite de chultúr, bia agus ailtearacht an iarthair agus an oirthir í an áit speisialta seo.

8

Tá flúirse sean-fhoirgnimh Eorpacha anseo go fóill, idir shéipéil agus fhoirgnimh stairiúla coilíneach.  Faighter blas Eorpach ar na sráideanna beaga cúnga, agus is deas an rud é nach bhfuil an oiread céanna foirgnimh árda thart timpeall na háite, fé mar atá trasna na farraige i Hong Kong.  Is iomaí bialann Phoirtingéalach atá le fáil ann, agus don chuid is mó, bíonn daoine Poirtingéalacha i gceannas orthu.

7

Tá 33 casino i Macau

Ach an fáth is mó a bhfuil clú agus cáil ar Macau ná cearrbhachas.  Tá an áit lán go béal le casino (33 san iomlán), agus tá na comhlachataí móra Meirceánacha go léir anseo-chuirfeadh sé Las Vegas i gcuimhne duit.  Is é an cearrbhachas bunchloch gheilleagair na háite seo, agus le blianta beaga anuas tá méadú mór tagtha ar líon na dturasóirí, ach go háirithe ó mhórthír na Síne.  Cuireann sé seo brú mór ar iompar phoiblí chomh maith le gach rud eile.  Bhí 2,625,997 cuairteoirí i mí Márta na bliana seo, agus tá ana chuid daoine áitiúla a gceapann go bhfuil sé seo iomarcach (níl ach achar 28.2 ciliméadar cearnach ar an réigiún).  Tá sé seo soiléir ag an teorann,  (cé gur cuid den tSín é, tá smacht ag an rialtas anseo ar inimirce agus custaim), agus bíonn na scuainí ag an bpointe iontrála dochreidte fada.  Bheadh ort fanacht ar feadh breis is uair an chloig chun cead isteach agus stampa sa phas a fháil!

 

Tá sé fíor éasca teacht anseo ó Hong Kong, ní thógann sé ach uair an chloig ar an mbád.  Is iomaí duine ó Hong Kong a théann ann ar turas lae (chun a gcuid airgid a chur amú sna casinos don chuid is mó).  Is fiú teacht anseo má bhíonn tú i Hong Kong-níl aon víosa ag teastáil chun dul ar chuairt má tá pas ón AE agat (ach tá má theastaíonn uait dul ar aghaidh go mórthír na Síne).  Cinnte, do mholfainn teacht anseo (ach bí cúramach sna casino!)

 

6

D’imigh an gobharnóir Portaingéalach deireanach sa bhliain 1999

656354

Cuma bhréagach ar an gcasino “Venitian”

44

Blas Eorpach ar an áit seo chomh maith

9

Tá Portaingéilis agus Sínis le feiceáil ar na comharthaí bóithre

2 11

 

Advertisements


1 Fhreagra amháin

Tuilleadh le teacht!

Bígí foighneach, a chairde!

 

Táim an-ghnóthach i láthair na huaire le rudaí eile.  Tá súil agam go mbeidh mé in ann tuilleadh a scríobh ar an mblag seo sar i bhfad!

 

Tá sé i gceist agam Gaeilge agus Sínis a fhoilsiú, ach níl sé ar intinn agam aon alt sa Sacs-Bhéarla a scríobh.

 

Milseog Mhilis