Milseog mhilis


Freagra

Go dtí seo, céard iad na rudaí ab oiriúnaí domsa? Ól, meisce, spraoi, súgradh agus codladh.

「而今何事最相宜?宜醉、宜遊、宜睡。」

Ji4 Gam1 Ho4 Si6 Zeoi3 Soeng1 Ji4? Ji4 Zeoi3, Ji4 Jau4, Ji4 Seoi6.

blog 辛棄疾

 

Go dtí seo, céard iad na rudaí ab oiriúnaí domsa? Ól, meisce, spraoi, súgradh agus codladh.

Tagann an abairt seo ón leabhar 西江月 (Abhainn an iarthair faoi sholas na gealaí). Baineann an t-údar 辛棄疾 (San1 Hei3 Zat6 nó Xin Qi Ji) úsáid as Anadiplosis (athrá a dhéanamh ar fhocal deireanach chlásáil amháin sa chéad chlásál eile) chun cur síos a dhéanamh ar chonas mar a chaith sé a shaol. Ól, spraoi agus codladh, nach ar a bhí an t-ádh!

Nuair a bhí mé ag déanamh staidéar ar seo anocht, léigh mé gur sampla de 頂真修辭法(ding2 zan1 sau1 ci4 faat3) í an abairt thuasluaite­. Ní raibh an téarma Sínise seo cloiste agam cheana, agus chuaigh mé i mbun cuardaithe ar an idirlíon.

200px-Xin_Qiji2

Tháinig mé ar an téarma Anadiplosis (agus b’in é an chéad uair dom é seo a choisteáil sa Bhéarla chomh maith). Ar an drochuair, ní raibh mé in ann teacht ar an nGaeilge le haghaidh Anadiplosis, b’fhéidir gurb é “conchlann” an téarma is cosúlaí atá againn? (Fáilte roimh aon fhreagraí!)