
Confúicias agus tábhacht na ndeasghnáth
子曰:「先進於禮樂,野人也;後進於禮樂,君子也。如用之,則吾從先進。」
Jí yeuhk: “Sīn jeun yū láih ngohk, yéh yàhn yáh;hauh jeun yū láih ngohk, gwān jí yáh. Yùh yuhng jī, jāk n`gh chùhng sīn jeun.”
Aistriúchán:
Deir Confúicias: “Foghlamaíonn an duine de shliocht anuasal conas na deasghnátha a chomhlíonadh sula gceaptar é ina oifigeach rialtais. Ach an duine de shliocht uasal, faigheann sé teideal uasail mar oidhreacht, agus ceaptar é ina oifigeach rialtais de thairbhe seo. De ghnáth, ní thosaíonn sé ag foghlaim conas na deasghnátha a chomhlíonadh go dtí tar éis a cheapacháin. Dá mbeadh orm rogha a bhaint astu agus duine a mholadh do phost, roghnóinn an duine a d’fhoghlaim conas na deasghnátha a chomhlíonadh sular ceapadh é.”
Nótaí mínithe:
禮樂 láih ngohk (deasghnátha agus ceol de réir bhunbhrí an téarma)
Córas deasghnátha ar leith a bhí i bhfeidhm sa tSín tráth. Bhí dhá chuid ag baint leis an gcóras seo: láih (禮 – dea-bhéas is deashghnáth) agus ngohk (樂 – ceol). Dhéantaí daoine a roinnt ina ngrúpaí éagsúla bunaithe ar a stadás (beagáinín cosúil leis an gcóras feodach) agus mhúintí custaim is deasghnátha na sochaí dóibh (láih (禮). Bhaintí úsáid as ceol chun aighneas agus fadhbanna na sochaí a réiteach (樂 – ceol).
野人 yéh yàhn: comóntach, duine den chosmhuintir, duine íseal.
君子 gwān jí: Duine uasal. Labhair mé faoi seo cheana – go hiondúil, séard a bhíodh i gceist leis an dtéarma seo ná duine maith agus dea-mhéineach. Ach san alt seo, duine den aicme uasal atá i gceist (beag beann ar a chuid tréithe pearsanta) – a mhalairt ar dhuine íseal.
Comóntach nó duine uasal
Ba ríthábhachtach le Confúicias iad na deasghnátha agus an córas láih ngohk. San aimsir sin, b’éigean don chomóntach dianstaidéar a dhéanamh ar na deasghnátha agus conas iad a chomhlíonadh sula mbeadh seans aige post maith mar oifigeach rialtais a fháil. Ach ní bheadh dianstaidéar de dhíth ar dhuine de shliocht uasal le go gceapfaí ina oifigeach é.
Gheobhadh sé an post gan choinníoll. Tar éis a cheapacháin, is dócha go mbeadh staidéar agus eolas éigin faoi na deasghnátha de dhíth air, ach an mbeadh an leibhéal céanna suime agus eolais ar chúrsaí láih ngohk ag an duine de shliocht uasal a fuair an post de thairbhe a oidhreachta is a bheadh ag an gcomóntach arbh éigean dó na rudaí seo a fhoghlaim sula mbeadh sé cáillithe don phost seo?
Is dócha go raibh Confúicias cinnte de go mbeadh tuiscint níos doimhne ar na deasghnátha ag an té arb éigean dó dul i mbun staidéir chun a chuid cáillíochtaí a bhaint amach, agus go ndéanfadh sé fostaí níos fearr.
Nóta faoin aistriúchán
Sa bhuntéacs, deirtear “Foghlamaíonn an duine íseal láih ngohk sula gceaptar é ina oifigeach rialtais”. Ach ar mhaithe le soléireacht, chinn mé sainmhíniú a thabhairt ar céard go díreach a bhí i gceist le láih ngohk in ionad an téarma Sínise a chuir san aistriúcháin.