
Alt suimiúil agus plé spleodrach
Níos luaithe an tseachtain seo, tharraing alt a foilsíodh ar “Tuairisc.ie” neart cainte. Alt suimiúl a bhí ann, ach dár liom féin, chuir údar an ailt Breandán M Mac Gearailt an sliotar ar fóraoil. Cé go raibh bunús éigean leis na pointí a rinne sé maidir le Gaeilge lochtach, msh.“Caithfear creidmheas a thabhairt dimreoirí”, i mo thuairimse, leagadh an-iomarca béime ar “mhaoirseacht teanga”. Tá lochtanna i bhfad níos tromchúísí ná sin ag baint le TG4, mar shampla, ceist na bhfotheideal Béarla agus cláracha “Gaeilge” ina bhfuil neart Béarla le cloisteáíl iontu. Is mór an trua é nár tugadh níos mó airde ar na ceisteanna seo san ailt.
Scuaibeadóirí
“Scuaibeadóirí” a bhí i measc na dtéarmaí a cháin údair an ailt, ach bhí neart daoine ann a chosain an téarma seo, agus aontaím leo. An chéad uair a chuala mé an téarma seo ar RnaG, bhí fhois agam cad é go díreach a bhí i gceist – cé nach raibh cloiste agam riamh cheana go raibh ann do a leithéad de ról sna cluichí Gaelacha. Ag deireadh an lae, ‘sé cumarsáid an rud is tábhachtaí.
Leagan Sínise
Chuir sé seo mé ag smaoineamh. Conas a aistrítear “sweeper” i dteangacha eile? Chuaigh mé i mbun cuardaigh chun an téarma Cantanaise/Sínise a aimsiú. 清道夫 Ching1 Douh6 Fu1 a fuair mé. ‘Séard is brí leis an gcéad dá charactar 清道 Ching1 Douh6 ná “an bóthar a ghlanadh”. Cuirtear an carachtar 夫 Fu1 (fear) ag an deireadh, agus faighmis “fear a ghlanann an bóthar”.
An bhrí atá leis an dtéarma seo ná fear atá fostaithe chun an bóthar (nó áiteanna poiblí) a ghlanadh is a scuabadh. “Scuaibeadóir” atá ann. Nuair a bhí gá acu leis an dtéarma Béarla “Sweeper” (sweeper an sacair) a aistriú, cinneadh gur téarma oiriúnach é 清道夫Ching1 Douh6 Fu1. Úsáidtear an téarma seo sa Mhandairínis agus sa Chantanais, ach bheadh foghraíocht na mandairínise le haghaidh an téarma seo difriúil ón bhfoghraíocht atá tugtha anseo.