名 mìhng (Ainm)
Tá an carachtar 名 (mìhng) déanta de dhá charactar dhifriúla ar picteagram iad an dá cheann acu. Ar barr, feictear 夕 (jihk-oíche). Is pictiúr de leath gealaí é seo (feictear an ghealach i rith na hoíche, dá bhrí sin úsáidtear é seo chun an bhrí “oíche” a léiriú). Ar bhun an charachtair 名, feicimid 口 (háu). Ní bosca é seo, ach picteagram eile, pictiúr den bhéal.
Carachtar amháin móide carachtar eile = carachtar iomlán nua
Cuirtear an dá charachtar seo le chéile chun carachtar nua a chruthú, agus comhcheanglaítear brí an dá charachtair seo chun míniú nua a thaispeáint. Tugtar “idéagram comhtháite” nó 會意 (wuih yi) ar an gcineál seo carachtair.
Sa dorchadas, glaoigh amach d’ainm os ard le go n-aithneofaí tú
San oíche (夕 jihk), ní féidir duine atá amuigh ag siúl agus iad i bhfad uait a aithint agus ní féidir leis an duine sin tú féin a aithint ach oiread, toisc an dorchadais. Dá bhrí sin, caithfear an béal (口 háu) a úsáid chun ainm an duine atá i bhfad ar shiúl uait (nó d’ainm féin) a glaoch amach os árd le go n-aithneofaí thú agus le go n-aithneoidh tú an té atá thíos an bóthar uait. Agus sin conas a scríobhtar “ainm” as Sínis.
Meán Fómhair 27, 2015 ag 6:59 in
An-shuimiúil go deo! Níos mó, le do thoil!
Meán Fómhair 28, 2015 ag 3:29 rn
Cúntas spéisiúil