Milseog mhilis

Leagan Sínise den bhfocal “Scuaibeadóir”

Freagra

1024px-Sibiu_street-sweeper

Alt suimiúil agus plé spleodrach

Níos luaithe an tseachtain seo, tharraing alt a foilsíodh ar “Tuairisc.ie” neart cainte. Alt suimiúl a bhí ann, ach dár liom féin, chuir údar an ailt Breandán M Mac Gearailt an sliotar ar fóraoil. Cé go raibh bunús éigean leis na pointí a rinne sé maidir le Gaeilge lochtach, msh.“Caithfear creidmheas a thabhairt dimreoirí”, i mo thuairimse, leagadh an-iomarca béime ar “mhaoirseacht teanga”. Tá lochtanna i bhfad níos tromchúísí ná sin ag baint le TG4, mar shampla, ceist na bhfotheideal Béarla agus cláracha “Gaeilge” ina bhfuil neart Béarla le cloisteáíl iontu.  Is mór an trua é nár tugadh níos mó airde ar na ceisteanna seo san ailt.

Scuaibeadóirí

“Scuaibeadóirí” a bhí i measc na dtéarmaí a cháin údair an ailt, ach bhí neart daoine ann a chosain an téarma seo, agus aontaím leo. An chéad uair a chuala mé an téarma seo ar RnaG, bhí fhois agam cad é go díreach a bhí i gceist – cé nach raibh cloiste agam riamh cheana  go raibh ann do a leithéad de ról sna cluichí Gaelacha. Ag deireadh an lae, ‘sé cumarsáid an rud is tábhachtaí.

Leagan Sínise

Chuir sé seo mé ag smaoineamh. Conas a aistrítear “sweeper” i dteangacha eile? Chuaigh mé i mbun cuardaigh chun an téarma Cantanaise/Sínise a aimsiú. 清道夫 Ching1 Douh6 Fu1 a fuair mé. ‘Séard is brí leis an gcéad dá charactar 清道 Ching1 Douh6 ná “an bóthar a ghlanadh”. Cuirtear an carachtar Fu1 (fear) ag an deireadh, agus faighmis “fear a ghlanann an bóthar”.

An bhrí atá leis an dtéarma seo ná fear atá fostaithe chun an bóthar (nó áiteanna poiblí) a ghlanadh is a scuabadh. “Scuaibeadóir” atá ann. Nuair a bhí gá acu leis an dtéarma Béarla “Sweeper” (sweeper an sacair) a aistriú, cinneadh gur téarma oiriúnach é 清道夫Ching1 Douh6 Fu1. Úsáidtear an téarma seo sa Mhandairínis agus sa Chantanais, ach bheadh foghraíocht na mandairínise le haghaidh an téarma seo difriúil ón bhfoghraíocht atá tugtha anseo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s