Milseog mhilis

Eachtrannach ag lorg déirce ar shráideanna Hong Cong.

Freagra

 eachtranach

Inniu, léigh mé alt ar líne faoi eachtrannach a chonacthas ar shráideanna Hong Cong agus é ag lorg déirce. Ach tar éis dom an t-alt a léamh ina iomlán (agus breathnú ar an bhfíseán seo), bhí amhras orm faoin bhfear- agus nílim ró-chinnte: An bodach é nó duine a bhíonn ag ligint air gur bodach é?

As an ngnáth

Is rud as an ngnáth é eachtrannaigh a bheith ag lorg déirce i Hong Cong- don chuid is mó, bíonn postanna maithe acu san earnáil baincéireachta agus a leithéidí.

Ní mar a shíltear a bhítear

Do lean iriseoirí an fear thar tréimhse cúpla lá, agus mar a tharlaíonn, bíonn sé amuigh ar na sráideanna gach uile lá ó mhaidin go hóiche, agus feictear sa bhfíseán go n-éiríonn leis méad suntasach airgid a bhailliú. De réir an ailt, “saothraíonn” sé 800 dollar Hong Cong (thart ar €80) in aghaidh an lae nó €10 san uair.  Is é $30 HK (€3) san uair an ráta íosphá i Hong Cong.

Slat an Bhodaigh

Lean an t-iriseoir an fear tar éis dó lá crua oibre a chríochnú, agus feictear é ag dul isteach i mbialanna le haghaidh béilte blasta. Chomh maith le sin, tagann sé chun solais nach gá dó feidhm a bhaint as an maide croise a bhíonns ar taispeáint aige le linn dó a bheith ag lorg déirce.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s