子曰:「君子不器。」
Zi2 Joek6 Gwan1 Zi2 Bat1 Hei3
Deir Confúicias: “Ní gabhdán é an duine uasal”
Is téarma é 君子 (Gwan1 Zi2) a fheictear go minic i sathaoir Chonfúicias. D’fhéadfá é a aistriú mar “dhuine uasal”. An bunbhrí atá leis ná duine dea-mhéineach d’intinn uasal.
Is sliocht as 論語(Leon6 Jyu5) (saothair Chonfúicias nó Analects as Béarla) í an abairt seo. ‘Séard a bhí i gceist ag Confúicias leis an abairt seo ná nach féidir leis an duine uasal nó 君子 a bheith díreach cosúil le gabhdán,rud nach bhfuil ach feidhm amháin aige.
Chomh maith le sin, ba chóir go mbeidh a chuid tuairimí agus barúla féin ag an duine uasal i leith gach rud. Ní “gabhdán” é an duine uasal ar féidir é nó í a líonadh le heolas ar nós rís a chuir isteach i ngabhdán nó coimeadán bia.
Nollaig 9, 2014 ag 8:44 rn
Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.
Nollaig 9, 2014 ag 11:24 rn
Nach mbeadh “duine ionraic” nó “duine cóir” ina leagan Gaeilge níos fearr agat?
.i. Ní gabhdán é an duine ionraic
Nollaig 10, 2014 ag 11:43 rn
Is ábhar machnaimh é sin do ghach duine a léann an t-alt seo! 😉
Ping: Confúicias, na huaisle is na hísle, deasghnátha agus ceol | Milseog mhilis